Cumann Carad na Gaeilge

Séamas Ó Neachtain

Agallaimh agus caint as Gaeilge - Interviews and talk in Irish Gaelic

  • Cúig Leabhar a Chuaigh i bhFeidhm Orm
    Cúig Leabhar a Chuaigh i bhFeidhm Orm
    Séamas Ó Neachtain
    (níl sé seo foirfe, ach tá sé seo ann fúmsa)
    [Iarradh orm an t-alt seo a scríobh Samhain 2015 agus níor cuireadh i gcó riamh é.  Mar sin, seo daoibh!]

    Im Westen Nichts Neues (All Quiet on the Western Front) le Erich Maria Remarque (1929)

    Baineann an leabhar seo le hamaideacht an chéad chogaidh dhomhanda, cinnte, ach ní leor an cur síos sin.  Is iad na daoine sa scéal, a ndaonnacht, agus na nóiméidí íogaire a fhaightear ann atá níos tábhachtaí. Tá sé faoi na saighdiúirí beaga, nár thuig faic faoi mhórscéal an chogaidh. Bíonn saol gach duine rí-thábhachtach, fiú nuair nach n-aithnítear sin. Fiú nuair a bheathaítear na canónacha leo.  Tá na daoine ag iarraidh ciall éigin a bhaint as saol atá go hiomlán as alt, agus chun teacht slán as an tubaiste.  Ag iarraidh.  An-leabhar ar fad.  Léigh sa Ghearmáinis é má tá sí agat.

    Der veruntreute Himmel (Embezzled Heaven) le Franz Werfel (1939)

    De thaisme, fuair mé an ceann seo sa bhun-Ghearmáinis, agus is seod iontach é. Baineann sé le bean íseal agus a droch-nia, a cheap sí go mbeadh ina shagart agus ábalta guí uirthi, mar gheall ar a cuid airgid. Ach ní mar a shíltear a bhítear. Tá tábhacht nach dtuigeann sí féin ag an mbean shimplí seo, a bhfuil a crógacht is a heagna féin aici. Dóbair go rabhas ag gol i lár an scéil, agus bhraith mé uaim an saol seo ag a dheireadh. Is minic nach mbíonn an caith caillte in aon chor i saol an duine.

    The Power and the Glory le Graham Greene (1940)

    Úrscéal iomráiteach eile é seo, faoi Mheicsiceo sna 30í, am a raibh rialtas sóisialach ag cur géarleanúna ar an Eaglais. Aimsir olc, ach bhí daoine maithe ann a sheas a bhfód in éadan an olcais. Agus daoine nach raibh chomh maith sin, freisin. Scéal faoi shagart lochtach, agus an dóigh a dhéanann Dia agus an duine maitheas iontach in ainneoin an uile fhabht. Seo an saol mar atá, seachas mar a b'fhearr linn. Is uirlisí neamhfhoirfe sinn uile, ach is féidir linn seasamh maith a dhéanamh sa saol seo, nó fiú seasamh lag a dhéanann a mhaith féin.

    Witness le Whittaker Chambers (1952)

    Cé nach úrscéal seo, tá sé chomh corraitheach saibhir le haon úrscéal.  Ní thuigtear sa lá atá inniu ann cé chomh baolach – is chomh holc – is a bhí chomhcheilg an chumannachais idirnáisiúnta. Seo dírbheathaisnéis faoi thréimhse shaol Whittacker Chambers, a bhíodh ina chumannach sna Stáit Aontaithe, ach thit an screamh dá shúile, agus rinne sé seasamh cróga i gcás cúirte fíor-cháiliúil, in éadann na gcumannach, agus Alger Hiss go háirithe. Bhí (agus tá) naimhde go leor aige. Rinne sé an beart, ach mar a tharlaíonn go ró-mhinic, ní leor fíricí do morán daoine nuair a bhíonn dearcadh polaitiúil i gceist.

    Exodus le Leon Uris (1958)

    Tosnaíonn an t-úrscéal seo le scéal longa inimircigh a bhíodh na Sasanaigh ag iarraidh a chosc. Exodus ab ainm di. Gné amháin sin de mhórscéal mhuintire a raibh (is a bhfuil) beagnach gach éinne ina gcoinne. Bhí laochra ina measc, agus daoine beaga nár thuig a dtábhacht, daoine nach ndearna an rud ceart, agus daoine nach raibh ach ag iarraidh teacht slán as tubaistí na haoise.  Mar gheall orthusan, fuair cine a bhíodh faoi chois leis na cianta seilbh ar roinnt de thír a ndúchais, agus a stát féin as an nua. Tugann an scéal seo – agus iad seo go léir – dóchas dom.



    11 January 2017, 3:55 pm
  • Ag Ceilliúradh Shéamuis De Bláca, 19 Feabrha 2016
    Ar an 19ú Feabhra 2016 bhí dinnéir in ómós do Shéamus De Bláca agus Eibhlinn Zurell.  Bhronn Tomás De hÍde agus Roinn na Gaeilge Ollscoil Lehman duaiseanna orthu.  Bhí sé d'ádh orm Séamus a chur in aithne ag an ócáid bhreá seo.  Rinne mé taifead den mhéid a dúirt mé féin, bronnadh na duaise ar Shéamus, agus an cúpla focal a dúirt seisean.  Seo é:

    OicheSheamuisDeBlaca.mp3 (10:45)

    Séamas Ó Neachtain
    21 February 2016, 8:54 pm
  • Aibítr na Gréigise


    Greek_alphabet.png  (foinse anseo)
    Alfa Béite Gáma Deilt Eipsealón Zéite Éite Téite Ióta Capa Lambda Xí (csaoi) Oimiocrón Sigme Upsalón Chí Óimige
    Sampla:
    αποκαλυψις 12.  και ιδου ερχομαι ταχυ και ο μισθος μου μετ εμου αποδουναι εκαστω ως το εργον αυτου εσται 13.  εγω ειμι το α και το ω αρχη και τελος ο πρωτος και ο εσχατος 14.  μακαριοι οι ποιουντες τας εντολας αυτου ινα εσται η εξουσια αυτων επι το ξυλον της ζωης και τοις πυλωσιν εισελθωσιν εις την πολιν 15.  εξω δε οι κυνες και οι φαρμακοι και οι πορνοι και οι φονεις και οι ειδωλολατραι και πας ο φιλων και ποιων ψευδος 16.  εγω ιησους επεμψα τον αγγελον μου μαρτυρησαι υμιν ταυτα επι ταις εκκλησιαις εγω ειμι η ριζα και το γενος του δαβιδ ο αστηρ ο λαμπρος και ορθρινος 17.  και το πνευμα και η νυμφη λεγουσιν ελθε και ο ακουων ειπατω ελθε και ο διψων ελθετω και ο θελων λαμβανετω το υδωρ ζωης δωρεαν

    Apacailipsis   12 “Feach, is gearr go dtiocfaidh mé, agus mo luach saothair liom le tabhairt do gach duine de réir mar atá ag a shaothar. 13 Mise an tAlfa agus an tÓimige, an té atá ar tosach agus ar deireadh, an tús agus an chríoch.” 14 Is méanar dóibh siúd a níonn a n-éidí, chun go mbeadh ceart acu chun crann na beatha, agus dul na geataí isteach don chathair. 15 Amach leis na madraí, na hasarlaithe, na hadhaltranaigh, na dúnmharfóirí, lucht an íoladhartha, agus gach duine a bhfuil cion aige ar an éitheach agus a chleachtann é. 16 “Mise, Íosa, a sheol m’aingeal chun na nithe seo a fhógairt daoibh sna heaglaisí. Mise fréamh agus sliocht Dháiví, réalta gheal na maidine.” 17 Deir an Spiorad agus an nuachair: “Tar.” Agus an té a chloiseann, abradh sé: “Tar.” Agus an té a bhfuil tart air tagadh sé; agus an té a bhfuil dúil aige ann, bíodh uisce na beatha in aisce aige.




    (http://ga.wikipedia.org - lorg"Aibítir Ghréagach")


    Ab baineann go deo eile -
    Zéite Éite Téite í.
    Cumann le mainistir nua, Xí -
    Ord paideoireachta rúnda suntasach,
    Táimid ullamh faoi choinne apsainte - Ó!
    15 April 2015, 5:29 pm
  • Séamas Ó Neachtain ag Féasta Chultúr na nGael, Ollscoil Molloy, 7 Feabhra 2015
    Haigh!  Nach fada an lá é!  Ní dhearna mé podchraoladh mar a bhíodh againn anseo, ach seo taifead de chaint a thug mé (Séamas Ó Neachtain) ag Féasta Chultúr na nGael ag Ollscoil Molloy ar Inis Fada, Nua-Eabhrac, 7 Feabhra 2015.  Tá an cuid is mó de as Gaeilge, ach amháin gur chuir mé roinnt Béarla ann mar gheall ar an lucht éisteachta.  Ag caint faoi ghnéithe na foilsitheoireachta i saol na Gaeilge agus i mo shaol féin.

    Caint faoi fhoisiú na leabhar is na n-irisleabhar srl. (57:13)
    8 February 2015, 9:22 pm
  • Féile na Gaeilge ag Lárionad na nEalaíon Éireannach, Cuid a Trí (Críoch)
    Gaeilge i limistéir Nua-Eabhraic, ag an Irish Arts Center i Nua-Eabhrac, 24 Aibreán 2010. Chríochnímid na horáidí gearra ón bpainéil, le Séamus De Bláca, Roislin Ní Floinn, Máire Ní Mhaolagáin agus mise, Séamas Ó Neachtain, le cúpla focal eile ó Elaine Ní Bhraonáin ina measc. Podchraoladh Céad Tríocha a hAon (18:21)
    16 May 2010, 8:10 pm
  • Féile na Gaeilge ag Lárionad na nEalaíon Éireannach, Cuid a Dó
    Comhdháil a bhí ann, le fírinne, agus ionadaithe i láthar ó beagnach gach eagras Gaeilge i limistéir Nua-Eabhraic, ag an Irish Arts Center i Nua-Eabhrac, 24 Aibreán 2010. Bhí painéal de aoi-chainteoirí ann mar chuid de, agus seo an triúir eile a labhair ón stáitse sin, Daithí Mac Lochlainn, Tomás De hÍde agus Breandán Ó Caollaí. Tá níos mó ag teacht fós, le cúnamh Dé! Podchraoladh Céad is Tríocha (9:59)
    8 May 2010, 2:41 pm
  • Féile na Gaeilge ag Lárionad na nEalaíon Éireannach, Cuid a hAon
    Comhdháil a bhí ann, le fírinne, agus ionadaithe i láthar ó beagnach gach eagras Gaeilge i limistéir Nua-Eabhraic, ag an Irish Arts Center i Nua-Eabhrac, 24 Aibreán 2010. Bhí painéal de aoi-chainteoirí ann mar chuid de, agus seo an chéad bheirt a labhair ón stáitse sin, Elaine Ní Bhraonáin agus an Doctúir Art Hughes. Beidh i bhfad níos mó ag teacht, le cúnamh Dé! Podchraoladh Céad Fiche a Naoi (15:39)
    2 May 2010, 1:55 am
  • Lá 'le Pádraig i Nua-Eabhrac, 2010
    So mo chuid eachtraithe ar Lá 'le Pádraig i mbliana. Tá roinnt den Aifreann ag Néamh Agnes againn, agus agallaimh le daoine a bhí ansin agus ag an mórshiúl, agus píosaí den mhórshiúl fén. An-lá a bhí ann! Podchraoladh Céad Fiche a hocht (23:05) Tá físchraoladh ann faoin lá seo freisin!
    28 March 2010, 4:46 pm
  • Podchraoladh Cinn Bliana
    Bhí mé an-ghnóthach leis An Gael i mbliana, agus seo daoibh an chéad phodchraoladh ó d'athbhunaíomar é. Podchraoladh Céad Fiche a Seacht (8:19)
    26 December 2009, 5:42 pm
  • Seoladh An Gael (Nua)
    Ar an 12ú Meitheamh, seoladh irisleabhar an chumainn seo, irisleabhar idirnáisiúnta na Gaeilge, An Gael, ag Consalacht na hÉireann i Nua-Eabhrac. Míle buíochas le Breandán Ó Caollaí, an Leas-Ardchonsal. Seo daoibh, as Gaeilge agus as Gaeilge, na hóráidí ón oíche bhreá sin. Podchraoladh Céad Fiche a Sé (38:56) An chéad eagrán nua
    2 August 2009, 5:42 pm
  • Lón Nollag arís
    Ar chúis éigin, ní raibh an ceann seo ag íoslódáil mar phodchraoladh. Seo arís é.

    Podchraoladh Céad is Fiche a Ceathair (13:35)
    19 July 2009, 4:16 pm
  • More Episodes? Get the App
© MoonFM 2024. All rights reserved.