Fada is Fairsing

[email protected]

Scéalta éagsúla ó thíortha ar fud an domhain.

  • 26 minutes 31 seconds
    Clár 437 - 2024 - Raidió na Life
    Ar an gclár seo bhí an scéalaí, drámadóir, draíochtóir agus eile, Quentin Reynolds a bhog ó Mhanchain go Baile Átha Cliath cúpla bliain ó shin, linn le labhairt faoina chuid oibre agus léiriú dá chuid scéalaíochta a rinne sé le gairid ag Oideas Gael le Gaeil as gach cearn den domhan. Chomh maith leis sin bhí Tony Ó Floinn linn le labhairt faoin léacht a thabharfaidh sé faoi Phádraig Phiarais Cúndún agus a shaol in Éirinn agus i Meiriceá ag an gComhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann Gaillimh mí Mheán Fómhair.
    27 August 2024, 7:30 pm
  • 26 minutes
    Clár 436 - 2024 - Raidió na Life
    Ar an gclár seo bhí Darach Ó Tuairisg linn ó Fíbín le labhairt faoi "Súil Eile: Oíche Idirnáisiúnta Drámaíochta" inar ghlac Fíbín páirt ann le gairid. Chomh maith leis sin éistfimid siar le píosa ó níos luaithe sa samhradh inar labhair Bríd Anna Ní Bhaoill linn faoin gcúrsa blaiseadh Gaeltachta a chomhreachtáil sí féin agus a chomhghleacaithe i Seanchas Sheáin Néill i Rann na Feirste le Gaeil sna Stáit Aontaithe, Seoirsín Ní Mheachair ina measc!
    20 August 2024, 7:30 pm
  • 23 minutes 38 seconds
    Clár 440 - 2024 - Raidió na Life
    Ar an gclár seo bhí Brent Ó Casaide linn le labhairt faoi Fhleadh Ghaelach Oulu san Fhionlainn, ar siúl ón 25-29 Meán Fómhair le héagsúlacht ceoltóirí agus scéalaithe i measc go leor eile ar an gclár spleodrach! Chomh maith leis sin, labhraíomar le Róisín Ní Chinnéide ó Chonradh na Gaeilge faoin imeacht ag a mbeidh sí ag labhairt, comheagraithe ag @Conradh na Gaeilge Craobh na Bruiséile agus Feisire Pharlaimint na hEorpa, Cynthia Ní Mhurchú sa Bhruiséil, díospóireacht painéil ar "Theangacha ar son na Síochána" mar cheiliúradh ar Lá Eorpach na dTeangacha ag deireadh na míosa leis an Ambasadóir Cáit Moran, Leas Bhuanionadaí na hÉireann chuig an AE agus Aire Gaeltachta, Thomas Byrne TD.
    17 August 2024, 7:30 pm
  • 27 minutes 4 seconds
    Clár 435 - 2024 - Raidió na Life
    Clár speisialta a bhí anseo le breathnú siar ar na Cluichí Oilimpeacha 2024 agus buanna uile Foireann na hÉireann. Labhair tuairisceoir spóirt Cóilín Ó Dubhthaigh linn tar éis dó filleadh ó Pháras!
    13 August 2024, 7:30 pm
  • 26 minutes 49 seconds
    Clár 439 - 2024 - Raidió na Life
    Ar an gclár seo bhí an tuairisceoir spóirt Cóilín Ó Dubhthaigh ag caint linn ó na Cluichí Parailimpeacha i bPáras na Fraince faoi bhuanna uile Foireann na hÉireann, searmanas mór dúnta na gCluichí agus go leor eile. Chomh maith leis sin labhraíomar le Máirín Nic Fhionghuin as an oileán Leodhais ó dhúchas faoin léacht a thabharfaidh sí féin faoi logainmneacha a léiríonn ceangail stairiúla idir Éirinn agus Albain ag an gComhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ag deireadh na míosa.
    10 August 2024, 7:30 pm
  • 29 minutes 10 seconds
    Clár 434 - 2024 - Raidió na Life
    Ar an glcár seo bhí an t-Ollamh Fionnuala Ní Aoláin ag labhairt linn ó Mhinnesota, áit a bhfuil sí mar léachtóir, faoina léamh is déanaí ar thoghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe. Chomh maith leis sin bhí an Dr Pádraig Ó Liatháin ó Ollscoil Chathair BhÁC, atá i mbun taighde ar lámhscríbhinn Gaeilge in Ollscoil Columbia University, Nua Eabhrac, ag breathnú ar naisc trasAtlantacha ag an Leabharlann "Rare Books and Manuscripts", linn le labhairt faoina cuid taighde sall.
    6 August 2024, 7:30 pm
  • 21 minutes 56 seconds
    Clár 438 - 2024 - Raidió na Life
    Ar an gclár seo bhí Seanán Ó Coistín ag labhairt linn faoina úrscéal Gaeilge grafach úr 'Scott Pilgrim', ainmniúcháin an leabhair do Ghradam de Bhaldraithe mar chuid de Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais, faoi fhreastal ar Comic Con Bhaile Átha Cliath le gairid agus go leor eile!
    3 August 2024, 7:30 pm
  • 24 minutes 44 seconds
    Clár 433 - 2024 - Raidió na Life
    Ar an glcár seo bhí an Dr Ronan Ó Conghaile ó Let's Learn Irish ag labhairt linn faoi na folúntais atá acu do mhúinteoirí Gaeilge dá gcuid daltaí i Washington DC agus ar fud na cruinne! Chomh maith leis sin bhí Ciarán Dunbar ag labhairt linn faoi phodchraoladh 'Seachtain' leis an Irish Independent a rinne sé le Brian Ó Broin agus Séamus Ó Neachtain sna Stáit Aontaithe faoi Trump agus na feachtais toghchán uachtaránachta faoi láthair.
    23 July 2024, 7:30 pm
  • 25 minutes 40 seconds
    Clár 432 - 2024 - Raidió na Life
    Ar an gclár seo bhí Bríd Anna Ní Bhaoill linn le labhairt faoin gcúrsa blaiseadh Gaeltachta a chomhreachtáil sí féin agus a chomhghleacaithe i Seanchas Sheáin Néill i Rann na Feirste le Gaeil sna Stáit Aontaithe, Seoirsín Ní Mheachair ina measc! Chomh maith leis sin bhí Seán Ó hUltacháin ag labhairt linn faoina chuid ealaíne agus a chuid oibre ar chúrsaí oidhreachta agus filíochta, go háirithe an píosa a rinne sé le déanaí mar cheiliúradh ar Logainmneacha Gaidhlige, dar teideal Glasraighe.
    16 July 2024, 7:30 pm
  • 29 minutes 56 seconds
    Clár 431 - 2024 - Raidió na Life
    Ar an gclár seo bhí an Feisire nuathofa Cynthia Ní Mhurchú linn le labhairt faoi thoghcháin Pharlaimint na hEorpa, torthaí na dtoghchán agus a cuid pleananna dá tréimhse mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa! Chomh maith leis sin bhí Ciarán Mac Guill linn ón ngrúpa Gaeltacht sur Seine le labhairt faoi cheiliúrdh 15 bliana den ghrúpa agus torthaí toghchán uachtaránachta na Fraince.
    9 July 2024, 7:30 pm
  • 24 minutes 37 seconds
    Clár 430 - 2024 - Raidió na Life
    Ar an gclár seo bhí Hannah Ní Dhoimhín, Bainisteoir Dréimire, eagraíocht dírithe ar Sheirbhísí Teanga a chur ar fáil ar fud na cruinne, linn le labhairt faoina bhfuil i gceist le Dréimire agus faoin seoladh a hoifige nua a bhí acu sa Phota café ar an Tulach i gConamara an tseachtain seo caite. Chomh maith leis sin bhí Ceithleann Ní Dhuibhir Ní Dhúlacháin ag labhairt linn faoin scoláireacht de chuid Fondúireacht Ollscoil Éireann Ceanada a bronnadh uirthi chun an Ghaeilge a theagasc i dToronto, Ceanada!
    2 July 2024, 7:30 pm
  • More Episodes? Get the App
© MoonFM 2024. All rights reserved.