Inneachar tráthúil fuaime ó fhoireann BBC Blas in am seo na dianghlasála i bhfoirm podchraolta
Coirnéal Comhairleach Nollag Chaoimhe Ní Chathail, léargas an Dr Neil Comer ar na nósanna Nollag is coitianta agus ar an stair taobh thiar dóibh, agus labhraíonn Noel Ó Gallchóir, drámadóir, faoin oidhreacht atá fágtha ag an cheoltóir Seoirse Ó Dochartaigh, a fuair bás le déanaí.
Caoimhe Ní Chathail’s Christmas Agony Aunts, Dr Neil Comer explores common Christmas traditions and playwright Noel Ó Gallchóir discusses the legacy of musician Seoirse Ó Dochartaigh, who died recently.
Seachtain Feasachta ar an Chalaois atá ann agus tugann Andy Caomhánach, saineolaí teicneolaíochta, léargas dúinn ar an bhealach le calaois a aithint agus le muid féin a chosaint uaithi. Tá an geimhreadh buailte linn go cinnte, agus cluineann muid comhairle ón chóitseálaí saoil agus éascaitheoir oibre anála, Marian Ní Chonghaile, mar gheall ar mhodhanna leis an solas a ligean isteach sna míonna dorcha seo. Agus cluineann muid faoi Dronuilleog an Scríbhneora, spás nua i gCultúrlann Uí Chanáin i nDoire a bhaileoidh scríbhneoirí le chéile le tacaíocht agus misneach a chothú as a bheith ag cur peann le pár as Gaeilge.
It’s Fraud Awareness Week, and technology expert Andy Caomhánach shares his tips on how to detect fraud and protect ourselves from it. The weather has taken a wintry turn, and life coach and breathwork facilitator Marian Ní Chonghaile has words of wisdom for us on how to bring some light into the darkest months of the year. Finally we hear about Dronuilleog an Scríbhneora, a new space in Derry's Cultúrlann Uí Chanáin bringing writers together in solidarity and support as they create work in the Irish language.
Buaileann Séamas Ó Donnghaile, Cathaoirleach Chumann Chluain Árd, isteach orainn sa stiúideo i ndiaidh dó an chéad áit a bhaint sa chomórtas cáilithe don Scéalaíocht ag Oireachtas na Samhna. Leis an leabhar úr Cloch In Áit An Charnáin, tá léargas luachmhar tugtha ag an údar Pádraig Ó Tiarnaigh dúinn ar shaol agus ar shaothar an bhailitheora béaloidis Seán Ó hEochaidh as Teileann. Cluineann muid tuairisc Phroinsias Uí Choinn ó sheoladh an leabhair. Leis an fheachtas bhliaintiúil Children In Need faoi lán seoil, cluineann muid faoi thionscnamh óige maoinithe ag Children In Need ag Glór na Móna i mBéal Feirste.
Séamas Ó Donnghaile, Chairman of Cumann Chluain Árd, calls in to the studio after winning first place in the qualification competition for Storytelling at the Oireachtas na Samhna festival. And with the newly published book, Cloch In Áit An Charnáin, author Pádraig Ó Tiarnaigh has provided a valuable insight into the life and work of the Teileann folklore collector, Seán Ó hEochaidh. Proinsias Ó Coinn reports for Blas from the launch. With the annual Children In Need campaign in full swing, we hear about an Irish-language youth project at Glór na Móna in Belfast funded by Children In Need.
An féidir aighneas teaghlaigh a réiteach nuair a thiocfaidh Aoife i láthair a leasiníne Fionnuala? Scéal 900 bliain inar léir nach n-aithníonn ealaí, gan trácht ar chiaróga, a chéile. An ceann nuair a fhaigheann Clann Lir amach nach dtagann ciall le haois, fiú 900 bliain d’aois! Can a family feud be settled when Aoife is finally confronted by her stepdaughter, Fionnuala? The one where Clann Lir find out that wisdom doesn't come with age, even 900 years of age! Comhlacht léiriúcháin/Production: Company Moondog Productions do BBC Gaeilge Scríbhneoir/Writer: Julie Jay Aisteoirí/Actors: Nuala Ní Néill, Tony Devlin ┐Diona Doherty.
Feicimid Úna Ní Chearnaigh gan d'arm aici ach clóscríobhán agus í ag teacht ar an tuiscint go bhféadfaí saibhreas a dhéanamh as Forógra an Phiarsaigh agus í i bhfolach in Ard-Oifig an Phoist in 1916. We join Real War Wife Úna as she and the men of 1916 take over the GPO in Dublin. Armed with nothing more than a typewriter Úna’s task is to take notes and write the diary. However, she sees the money spinning potential of Pádraig Pearse's Proclamation. An ceann nuair a fhaigheann Una Ní Chearnaigh amach gur treise an clóscríobhan ná an claíomh. The one where Winifred Carney finds out that the typewriter is mightier than the sword. Comhlacht léiriúcháin/Production: Company Moondog Productions do BBC Gaeilge Scríbhneoir/Writer: Julie Jay Aisteoirí/Actors: Nuala Ní Néill,Tony Devlin ┐Francis Mezza
Glacann Maud páirt i seó Jerry McSpringer le bualadh leis an fhear a bhfuil nóisean aige di ach is mór an díoma di nuair a a fhaigheann sí amach cé atá i gceist. An ceann nuair nach bhfuil aon leigheas ar an ghrá ach pósadh, nó an t-óipiam, dar le Maud Gonne. Maud takes part in the Jerry McSpringer show to meet the man who has a notion of her but she's very disappointed when she finds out who it is. The one where Maud Gonne suggests that the only cure for love is marriage, or opium! Comhlacht léiriúcháin/Production: Company Moondog Productions do BBC Gaeilge Scríbhneoir/Writer: Julie Jay Aisteoirí/Actors: Diona Doherty, Tony Devlin, Francis Mezza ┐Nuala Ní Néill
Caithfidh Banríon na bhFoghlaithe Mara, Gráinne Mhaol (Gráinne Ní Mháille) feidhm a bhaint as cumhachtaí uile na meán sóisialta nuair a ordaítear di dul os comhair na Banríona Eilís lena cuid éachtaí i gCúige Chonnacht a chosaint. An ceann nuair is léir do Ghráinne Ní Mháille nach bhfuil ní níos géire ná teanga mná - go háirithe nuair is bean rua í! The Pirate Queen, Gráinne Ní Mháille (Grace O'Malley) has to use all the power of social media when she is summoned to the court of Queen Elizabeth I to account for her activities in the Province of Connacht. the one where Gráinne Ní Mháille realises there's nothing sharper than a woman's tongue, especially when she's a redhead! Comhlacht léiriúcháin/Production: Company Moondog Productions do BBC Gaeilge Scríbhneoir/Writer: Julie Jay Aisteoirí/Actors: Diona Doherty, Nuala Ní Néill ┐Tony Devlin.