• 29 minutes 37 seconds
    Clár 483 - 2025 - Raidió na Life
    Ar an gclár seo bhí Máire Nic an Bhaird agus Laoise Ní Chléirigh ó Ollscoil Mhá Nuad ag labhairt linn faoin tsraith greannán seo ar chúrsaí timpeallachta ar oibrigh siad air le chéile in éineacht le Tom Curran ó ChOBÁC. Chomh maith leis sin labhraíomar le Liadán Ní Fhoghlú ón ngrúpa feachtasaíochta Gaeil ar son Gaza linn le labhairt faoin bhfeachtas, imeacht a bheas acu ag deireadh mhí na Samhna i nDún Garbhán agus a gcuid tléinte agus geansaithe leis an Spailpín.
    30 September 2025, 7:30 pm
  • 24 minutes 46 seconds
    Clár 482 - 2025 - Raidió na Life
    Ar an gclár seo, bhí Bainisteoir an tionscnaimh Céad Míle Fáilte, Connlaith Ní Raifeartaigh linn le labhairt faoin maoiniú €468,000 ón Rialtas don tionscnamh a fógraíodh don tréimhse 2026 agus 2027. Chomh maith leis sin d'éisteamar siar le hagallamh le Trish Coen maidir le Feachtas Inis Oírr don Phalaistín agus gníomhaíocht an ghrúpa go dtí seo.
    23 September 2025, 7:30 pm
  • 22 minutes 42 seconds
    Clár 481 - 2025 - Raidió na Life
    Ar an gclár seo, bhí an staraí Úna Ní Broiméil ag labhairt linn faoin gclár TG4 a raibh sí páirteach ann faoi na naisc idir Éirinn agus Na Chéad Náisiúin.
    16 September 2025, 7:30 pm
  • 24 minutes 31 seconds
    Clár 480 - 2025 - Raidió na Life
    Ar an gclár seo, bhí Joe Ó Ceallaigh ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall linn le labhairt faoin Lá Gael agus Preabghaeltacht a bhí ag an gComhairle in éineacht le Pleanáil Teanga Thuaisceart Dhún na nGall i Londain.
    9 September 2025, 7:30 pm
  • 25 minutes 21 seconds
    Clár 478 - 2025 - Raidió na Life
    Ar an gclár seo, labhair Joe Ó Dónaill linn faoi na himeachtaí ag a labhair sé mar chuid fhéile na nGael Milwaukee i lár na míosa agus neart eile!
    26 August 2025, 7:30 pm
  • 26 minutes 42 seconds
    Clár 477 - 2025 - Raidió na Life
    Ar an gclár seo, labhair Pól Ferris linn ó New Jersey faoi Fhéile na nGael Milwaukee agus cloisfimid roinnt ceoil ó Enda Reilly a bheas ag seinm mar chuid den fhéile i mbliana!
    12 August 2025, 3:17 pm
  • 26 minutes 15 seconds
    Clár 476 - 2025 - Raidió na Life
    Ar an gclár seo, labhair Siobhán Ní Thuairisg linn faoin scéim 'Malartú Beochana Dúchasach Wellington-Gaillimh 2025' idir Éirinn agus an Nua-Shéalainn a bhuaigh sí i mbliana agus a seal sa Nua-Shéalainn. Chomh maith leis sin, chualamar ó Chlár Ní Bhuachalla ó Ghaeltacht COBÁC faoi na folúntais atá acu do theagascóirí Gaeilge faoi láthair!
    15 July 2025, 7:30 pm
  • 21 minutes 53 seconds
    Clár 475 - 2025 - Raidió na Life
    Ar an gclár seo, Seoirsín Ní Mheachair ag labhairt linn ò Rhinebeck, Nua Eabhrac faoin gcúrsa "Blaiseadh na Gaeltachta", tionscnamh trasAtlantach a chomhreachtáil sí féin agus comhghleacaithe i Seanchas Sheáin Néill i Rann na Feirste.
    1 July 2025, 7:30 pm
  • 23 minutes 44 seconds
    Clár 474 - 2025 - Raidió na Life
    Ar an gclár seo, labhair an scríbhneoir agus eagarthóir Mícheál Ó Conghaile linn le labhairt faoi Cheardlann Scríbhneoireachta atá á reachtáil ag Cló Iar-Chonnachta do dhaoine ar fud na cruinne. Chomh maith leis sin labhraíomar faoi roinnt féilte idirchultúrtha agus idirnáisiúnta i rith an tsamhraidh!
    24 June 2025, 7:30 pm
  • 22 minutes 49 seconds
    Clár 473 - 2025 - Raidió na Life
    Ar an gclár seo, labhair Manchán Magan linn faoi sheoladh a leabhar úr 'Ireland in Iceland' faoi na naisc idir Éirinn agus an Ìoslainn! Chomh maith leis sin chualamar ó Janik Bastien ar shaoire ó Cheanada go hÉirinn do Chomhdháil ar Chúrsaí Idirghnéasacha i mBaile Átha Cliath.
    17 June 2025, 7:30 pm
  • 23 minutes 14 seconds
    Clár 472 - 2025 - Raidió na Life
    Ar an gclár seo, labhair Oifigeach Gaeilge Choláiste na Tríonóide, Pádraig Mac Brádaigh linn faoi dhífheistíocht agus scaradh iomlán an Choláiste ón Iosrael agus obair Aontas na Mac Léinn chun an ollscoil a bhrú an cinneadh seo a dhéanamh.
    10 June 2025, 7:30 pm
  • More Episodes? Get the App